Skip to main content
Normal View

Aerfoirt Réigiúnacha

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 October 2016

Thursday, 13 October 2016

Questions (119)

Éamon Ó Cuív

Question:

119. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cé na táillí atá beartaithe a ghearradh ar phaisinéirí sa gconradh nua don aersheirbhís go hÁrainn; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30130/16]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, tá próiseas tairisceana maidir le haersheirbhís d'Oileáin Árann ar siúl faoi láthair. Mar chuid den phróiseas sin, foilsíodh Iarratas ar Thairiscint inar leagadh amach na huastáillí a d’fhéadfaí a ghearradh faoin gconradh atá beartaithe. Ní féidir, dá bhrí sin, a rá ag an bpointe seo cén leibhéil táillí a ghearrfaidh an tairgeoir ar a mbronnfar an conradh.

Top
Share