Skip to main content
Normal View

Cuanta agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 October 2016

Thursday, 13 October 2016

Questions (120)

Éamon Ó Cuív

Question:

120. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta sna cainteanna idir a Roinn agus Comhairle Contae na Gaillimhe maidir le forbairt na cé ar Inis Oírr; cén uair atáthar ag súil leis go bhfógrófar an cháipéis iarrtha tairiscintí don togra seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30131/16]

View answer

Written answers

Chas oifigigh ó mo Roinn agus oifigigh ó Chomhairle Contae na Gaillimhe lena chéile tamall ó shin maidir leis an ábhar seo. Bhí an cruinniú sin tairbhiúil agus beidh na céimeanna cuí maidir leis an fhorbairt á dtógáil ag an gComhairle sa tréimhse romhainn amach. Bheifí ag súil go lorgófaí tairiscintí don obair thógála in 2017.

Top
Share