Peadar Tóibín
Question:165. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30068/16]
View answerDáil Éireann Debate, Thursday - 13 October 2016
165. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30068/16]
View answer166. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30083/16]
View answer167. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil an bhfuil beartas earcaíochta faoi leith i bhfeidhm chun aon chuóta maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge, má tá a leithéid ann, a bhaint amach. [30098/16]
View answerMolaim Ceisteanna Uimh. 165 to 167, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.
Níl sprioc faoi leith leagtha amach ag an Roinn maidir le hearcú na ndaoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge. Mar chuid den phróiseas earcaíochta le haghaidh fostaithe nua, cuirtear san áireamh na scileanna is inniúla ar fad a bheadh riachtanach do gach post, cumas feidhmeach sa Ghaeilge ina measc. San am i láthair, fostaítear 11 ball foirne sa Roinn a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge.
Maidir leis an mbeartas earcaíochta ó thaobh na Státseirbhíse de, is ábhar don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí é. Reáchtálann an tSeirbhís comórtais oscailte ar bhonn rialta, agus is dlúthchuid den phróiseas sin an sruth Gaeilge. Comhoibríonn an Roinn seo leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí chun baill foirne a aimsiú a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu, cumas feidhmeach sa Ghaeilge ina measc.