Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 October 2016

Thursday, 13 October 2016

Questions (32)

Peadar Tóibín

Question:

32. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Airgeadais an bhfuil beartas earcaíochta faoi leith i bhfeidhm chun aon chuóta maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge, má tá a leithéid ann, a bhaint amach. [30102/16]

View answer

Written answers

Ní mheasann an Roinn go bhfuil gá le poist áirithe a líonadh le cainteoirí Gaeilge toisc nach bhfuil sé riachtanach dúinn é a dhéanamh faoin reachtaíocht.

Ní gnách leis an Roinn seirbhisí a chur ar fáil don phobal go díreach.  Mar sin féin, sa chás go bhfuil gá le haistriúchán agus nach bhfuil ball foirne atá inniúil sa Ghaeilge ag Rannóga, nó nach bhfuil an duine sin ar fáil, cuirfidh ball foirne ainmnithe ó Rannóg eile seirbhís ar fáil nuair is gá.

Tabhair faoi deara go ndearnadh suirbhé Teanga agus Cáilíochtaí le linn 2015 inar léiríodh go bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ag cúigear ball foirne.  Is ionann sin agus thart ar 1.7% de líon foirne reatha na Roinne. 

Top
Share