Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 October 2016

Thursday, 13 October 2016

Questions (31)

Peadar Tóibín

Question:

31. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Airgeadais an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30087/16]

View answer

Written answers

Tá an Roinn eolach ar na dualgais atá uirthi faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Níl sé riachtanach go mbeadh sprioc ag an Roinn faoin reachtaíocht. Tá dualgais na Roinne faoin reachtaíocht leagtha amach ina Scéim Teanga, 2014-2017, a foilsíodh in 2014.

Tabhair faoi deara go ndearnadh suirbhé Teanga agus Cáilíochtaí le linn 2015 inar léiríodh go bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ag cúigear ball foirne.

Ní gnách leis an Roinn seirbhisí a chur ar fáil don phobal go díreach.  Mar sin féin, sa chás go bhfuil gá le haistriúchán agus nach bhfuil ball foirne atá inniúil sa Ghaeilge ag Rannóga, nó nach bhfuil an duine sin ar fáil, cuirfidh ball foirne ainmnithe ó Rannóg eile seirbhís ar fáil nuair is gá.

Top
Share