Skip to main content
Normal View

Soláthar Aersheirbhísí

Dáil Éireann Debate, Thursday - 20 October 2016

Thursday, 20 October 2016

Questions (190)

Éamon Ó Cuív

Question:

190. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta céard iad na huastáillí a d’fhéadfaí a ghearradh faoin gconradh atá beartaithe le haersheirbhís a chur ar fáil chuig Oileáin Árann; cé na huastáillí atá ann faoin gconradh reatha; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31310/16]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, tá próiseas tairisceana maidir le haersheirbhís d’Oileáin Árann ar siúl faoi láthair. Mar chuid den phróiseas sin, foilsíodh Iarratas ar Thairiscint inar leagadh amach na huastáillí a d’fhéadfaí a ghearradh faoin gconradh atá beartaithe. Tá na huastáillí sin mar aon leis na huastáillí atá i bhfeidhm faoin gconradh reatha leagtha amach sa tábla thíos:

CATAGÓIR

UASTÁILLE FAOIN GCONRADH BEARTAITHE

UASTÁILLE FAOIN GCONRADH REATHA

Gnáth

Oileánach

€40.25

€35.00

Eile

€60.50

€55.00

Mac Léinn (Faoi 26)

Oileánach

€27.60

€24.00

Eile

€50.05

€45.50

Faoi 18

Oileánach

€27.60

€24.00

Eile

€34.10

€31.00

Top
Share