Mar is eol don Teachta, is oifig neamhspleách reachtúil í Oifig an Choimisinéara Teanga agus, dá réir sin, go bhfuil an Coimisinéir Teanga neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid dualgas. Is cúram d'Oifig an Choimisinéara Teanga féachaint chuige go bhfuil na gealltanais atá tugtha ag comhlachtaí poiblí i scéimeanna teanga á gcomhlíonadh acu. Tá sé de chumhacht ag an gCoimisinéir Teanga imscrúduithe a thionscnaimh má mheasann sé go bhféadfadh sárú a bheith á dhéanamh ar aon chuid d’Acht na dTeangacha Oifigiúla nó ar aon achtacháin eile a bhaineann le húsáid nó stádas teanga oifigiúil agus is don Choimisinéir Teanga atá sé socraithe a dhéanamh faoin mbealach a thugann sé faoi phróiseas imscrúdaithe. D’eisigh an Coimisinéir 9 dtuarascáil imscrúdaithe oifigiúil le linn na bliana 2015 agus dhéileáil sé le 755 gearán nó iarratas ar chomhairle ón bpobal.
Ar ndóigh, is féidir leis an gCoimisinéir Teanga, faoi réir na gcumhachtaí atá tugtha dó i bhfo-alt 26(5) den Acht, tuarascáil a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais má mheasann sé nach bhfuil aon chuid de na moltaí a rinneadh i dtuarascáil imscrúdaithe curtha i ngníomh. Go dáta, tá 7 dtuarascáil den chineál seo leagtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus tá liosta de na tuarascálacha sin le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisinéara Teanga. Cé is moite den tuarascáil a heisíodh i dtaca leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, rinne an Comhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Poiblí agus Achainíocha na tuarascálacha speisialta a bhreithniú le linn thréimhse na Dála deireanaí.
Níl aon phleananna agam faoi láthair aon athrú a dhéanamh ar an gcur chuige atá i bhfeidhm i gcomhréir leis an reachtaíocht.