Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 29 November 2016

Tuesday, 29 November 2016

Questions (46)

Peadar Tóibín

Question:

46. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cad a dhéanfaidh sí chun dul i ngleic leis an easpa béime agus struchtúir atá léirithe sa tuairisc um Athbhreithniú Bainistíochta agus grádú Bainisteoirí Sinsearacha Údarás na Gaeltachta ar phleanáil teanga agus forbairt phobail. [37405/16]

View answer

Written answers

Ba é príomhchuspóir an athbhreithnithe bainistíochta atá luaite ag an Teachta ná measúnú neamhspleách a dhéanamh ar struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta ionas go bhféadfar a chinntiú go bhfuil sé ag dul le riachtanais agus cúrsaí ginearálta an lae atá inniu ann. Chuir sainchomhairleoirí seachtracha an t-athbhreithniú i gcrích, ar bhonn comhaontaithe, leis an Údarás agus mo Roinnse. Mar chuid sonrach de seo, bhí sé le cinntiú go dtacaíonn an struchtúr leis an eagraíocht agus í i mbun a sainordaithe reachtaigh a chomhlíonadh.

Is iad na téarmaí tagartha a tugadh do na sainchomhairleoirí ná measúnú a dhéanamh ar an struchtúr agus grádú ag leibhéal ard-bhainistíochta Údarás na Gaeltachta, ag féachaint do ról, d’fheidhmeanna, do bhuiséad foriomlán agus d’fhreagrachtaí an chomhlachta, agus an méid seo uile a chur i gcomparáid le heagraíochtaí eile san earnáil phoiblí a bhfuil dualgais den tsórt céanna orthu. Bhí orthu na feidhmeanna breise a tugadh don eagraíocht faoi Acht na Gaeltachta 2012 a chur san áireamh chomh maith.

Tá mo Roinn se agus an tÚdarás ar aon intinn maidir le cur i bhfeidhm na moltaí i dtuarascáil na sainchomhairleoirí. Tá dul chun cinn maith déanta ag an Údarás cheana féin ina thaobh seo agus tuigtear dom go mbeidh na moltaí uile curtha i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana. Faoina shainchúram reachtach, baineann cúrsaí bainistíochta laethúla Údarás na Gaeltachta le bord agus feidhmeannacht sinsearach an chomhlachta agus níl aon bhaint díreach ag mo Roinnse leis na nithe sin. Dá réir sin, is ar bhord agus ar phríomhfheidhmeannach an Údaráis atá an cúram an próiseas seo a thabhairt chun críche.

Tá mo Roinnse sásta go gcuirfidh cur i bhfeidhm na moltaí uile seo ar chumas an Údaráis leanúint orthu ag cur a gcuid feidhmeanna i gcrích ar bhealach rathúil, séanmhar agus go gciallóidh sé go mbeidh an struchtúr foirne ardbhainistíochta is fearr acu a oireann do riachtanais na heagraíochta sa lá atá inniu ann, rud a thacóidh leis an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil - coigilteas suntasach ar an bpárolla san áireamh.

Top
Share