Skip to main content
Normal View

An Clár um Fhorbairt Áitiúil agus Pobail

Dáil Éireann Debate, Friday - 16 December 2016

Friday, 16 December 2016

Questions (294)

Pat the Cope Gallagher

Question:

294. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an soláthróidh sí liosta de na hiarratais reatha atá a bpróiseáil ag a Roinn faoi láthair ó Choistí Forbartha agus ó Chomharchumainn i nGealtacht Dhún na nGall mar aon le sonraí na hoibre agus meastacháin ar chostas na hoibre; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40604/16]

View answer

Written answers

Tá sonraí sa table leis seo maidir leis na hiarratais reatha atá á bpróiseáil ag mo Roinnse faoi láthair ó Choistí Forbartha agus ó Chomharchumainn i nGaeltacht Dhún na nGall. Tuigtear don Teachta nach gnáth-nós é eolas maidir leis an gcostas measta a thabhairt de bharr go bhféadadh sé a bheith íogair ó thaobh cúrsaí soláthar poiblí de.

Eagraíocht

Sonraí na hOibre

Halla Naomh Fhionáin - Coiste Forbartha An Fhál Charraigh

Athchóiriú ar an Ionad Pobail

Áislann Chill Chártha

An halla a uasghrádú

Coiste Forbartha Chnoc Fola

An carrchlós a athchóiriú

Coiste Forbartha Phort Arthur

Cosán siúil a fhorbairt

Ionad Pobail Dhún Lúiche

Athchóiriú ar an Ionad Pobail

Top
Share