Skip to main content
Normal View

Earcaíocht agus Soláthar Foirne Tríú Leibhéal

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 24 January 2017

Tuesday, 24 January 2017

Questions (384)

Catherine Connolly

Question:

384. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an n-iarrfaidh sí ar Údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh gan líofacht sa Ghaeilge a bheith riachtanach don phost mar Uachtarán na hOllscoile as seo amach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3025/17]

View answer

Written answers

Is ceist d’Údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh na riachtanais do post Uachtarán na hOllscoile a leagan amach. Tuigfidh an Teachta, dá réir, nach bhfuil aon ról agam maidir leis an saincheist seo.

Top
Share