Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 24 January 2017

Tuesday, 24 January 2017

Questions (385)

Éamon Ó Cuív

Question:

385. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil athbhreithniú déanta ag a Roinn nó ag dream atá coimisiúnaithe ag a Roinn ar dhul chun cinn fheidhmiú na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge; má tá, cén uair a fhoilseofar é; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3078/17]

View answer

Written answers

Mar a luaigh mé sa bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Dála 760, 761 agus 762 le gairid, is í an Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 bunchloch pholasaí an Rialtais maidir leis an nGaeilge. Ós rud é go raibh an Straitéis cúig bliana ar an bhfód ag deireadh 2015, eagraíodh díospóireacht oscailte ina leith i mí na Nollag 2015 ar mhaithe le breathnú siar ar an méid a bhí déanta go dtí sin maidir lena cur i bhfeidhm chomh maith le breathnú chun cinn ar na tosaíochtaí ina leith don tréimhse cúig bliana atá romhainn. Mar chuid den phróiseas, reáchtáladh sraith cruinnithe poiblí ag an tráth sin agus lorgaíodh aighneachtaí scríofa ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara araon.

Ceapadh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh ag an am ar mhaithe le tuairisc maidir leis an díospóireacht oscailte agus na príomhthosaíochtaí straitéiseacha don tréimhse amach romhainn a chur i dtoll a chéile. Tá tuairisc an Acadaimh á breithniú faoi láthair ag mo Roinn i dtreo í chur faoi bhráid an Choiste Chomhairligh a ceapadh ag tús 2014 le comhairle a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise go luath. Agus tuairimí agus moltaí an Choiste a bheith faighte ina leith, tá sé i gceist agam na príomhthosaíochtaí straitéiseacha don tréimhse cúig bliana go deireadh 2021 a fhoilsiú.

Top
Share