Skip to main content
Normal View

Clár Tacaíochta Teaghlaigh

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 24 January 2017

Tuesday, 24 January 2017

Questions (386)

Éamon Ó Cuív

Question:

386. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cén scéim a cuireadh in áit Scéim Labhartha na Gaeilge; cén líon daoine atá cláraithe sa scéim ar fud na tíre (briste síos de réir contae); cén chaoi a n-oibríonn an scéim; an bhfuil measúnú á dhéanamh ar na teaghlaigh atá páirteach sa scéim lena chinntiú gur teaghlaigh iad a labhraíonn Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3079/17]

View answer

Written answers

Cuireadh deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge agus seoladh an Clár Tacaíochta Teaghlaigh ina háit i mí Aibreáin 2012. Is í aidhm an Chláir seo, a ceapadh mar bheart faoi leith le cúram a dhéanamh de réimsí na Gaeltachta agus an Teaghlaigh de chuid na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030, tacú ar bhealach ilghnéitheach le treisiú na Gaeilge i dteaghlaigh Gaeltachta. Faoin gClár, cuirtear cúnamh ar fáil trí scéimeanna agus tionscnaimh faoi leith de chuid mo Roinne ar leasa theaghlaigh na Gaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh. Mar léargas ar chuid de na bearta atá curtha i bhfeidhm nó idir lámha faoin gClár Tacaíochta Teaghlaigh, luafainn go sonrach:

- an tionscnamh faoin bhfuil pacáiste teanga á chur ar fáil do theaghlaigh óga atá ag tógáil clainne le Gaeilge - lena n-áirítear teaghlaigh Ghaeltachta ar ndóigh. Tá an pacáiste teanga comhdhéanta de leabhair, dlúthdhioscaí agus DVDanna chomh maith le leabhrán le comhairle phraiticiúil faoin ábhar. Ina theannta sin, ar mhaithe le feasacht a chothú gur ann don phacáiste teanga agus faoi na buntáistí a bhaineann le clann a thógáil le Gaeilge, scaiptear leathán eolais faoin tionscnamh trí sheirbhísí máithreachais Fheidhmeannas na Seirbhísí Sláinte a dhéanann freastal ar na mórcheantair Ghaeltachta. Tugtar sonraí maidir le dáileadh tíreolaíoch an phacáiste sa tábla ag Aguisín 1 thíos.

- Scéim Seirbhísí Réamhscoile agus Iarscoil e - ar cuireadh tús léi in 2014. Faoin scéim seo, cuirtear cúnamh ar fáil do sheirbhísí áirithe réamhscoile sa Ghaeltacht le cumasú dóibh gníomhaíochtaí faoi leith a chur ar bun ar mhaithe le cabhrú tuilleadh le teaghlaigh óga na Gaeltachta ó thaobh na Gaeilge de.

- an maoiniú suntasach atá á chur ar fáil ar bhonn bhliantúil don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta ar mhaithe le cabhrú lena gníomhaíochtaí ar son theaghlaigh na Gaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge.

- na forbairtí éagsúla atá déanta le tamall de bhlianta anuas faoi scáth an Chláir chun barr feabhais a chur ar Scéim na gCúntóirí Teanga de chuid mo Roinne. I measc na bhforbairtí sin tá tacaíochtaí breise teagaisc curtha ar fáil do na cúntóirí teanga chomh maith le deiseanna breise saibhrithe teanga á gcur ar fáil le cuidiú le cainteoirí líofa Gaeilge sa Ghaeltacht.

- an cúnamh reatha a chuirtear ar fáil ar bhonn leanúnach le cumasú d’eagraíochtaí Gaeltachta sraith leathan gníomhaíochtaí a reáchtáil ar leasa na Gaeilge ar bhonn teaghlaigh sa Ghaeltacht, lena n-áirítear Muintearas, An Crann Óg, Fíbín, CLG – Comhairle Chonnacht agus Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne.

Mar gheall ar an leithdháileadh breise atá curtha ar fáil i mbliana do scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta, gan trácht ar an gcistíocht bhreise atá ar fáil go sonrach le cabhrú tuilleadh le cur i bhfeidhm na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus an chóras phleanála teanga, is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go leanfar ar aghaidh ag tacú mar is cuí le staid reatha na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht i gcomhréir le haidhmeanna na Straitéise.

Aguisín 1

-

Sonraí faoi dháileadh an phacáiste teanga

Co An Chabháin

29

Co an Chláir

142

Co an Dúin

49

Co an Longfoirt

5

Co Aontroma

254

Co Ard Mhacha

33

Co Átha Cliath

1,222

Co Cheatharlach

26

Co Chiarraí

317

(97 ón nGaeltacht)

Co Chill Chainnigh

27

Co Chill Dara

182

Co Chill Mhantáin

169

Co Chorcaí

368

(24 ón nGaeltacht)

Co Dhoire

129

Co Dhún na nGall

297

(124 ón nGaeltacht)

Co Fhear Manach

8

Co Laoise

19

Co Liatroma

5

Co Loch Garman

66

Co Lú

78

Co Luimnigh

127

Co Mhaigh Eo

191

(15 ón nGaeltacht)

Co Mhuineacháin

28

Co na Gaillimhe

638

(227 ón nGaeltacht)

Co na Iarmhí

34

Co na Mí

186

(5 ón nGaeltacht)

Co Phort Láirge

74

(11 ón nGaeltacht)

Co Ros Comáin

25

Co Shligigh

29

Co Thiobraid Árann

45

Co Thír Eoghan

54

Co Uíbh Fhailí

27

lasmuigh d’Éirinn

93

Gan fios

9

Iomlán

4,985

Top
Share