Skip to main content
Normal View

An Clár Géanómaíochta agus Sonraí Mairteola

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 28 February 2017

Tuesday, 28 February 2017

Questions (658)

Éamon Ó Cuív

Question:

658. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoin gClár um Mionsonraí agus Géanómaíocht Mairteola 2016 le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (mionsonraí leis seo); an fáth go bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9555/17]

View answer

Written answers

Fuarthas iarratas le bheith rannpháirteach sa Chlár um Shonraí agus Ghéanómaíocht Mhairteola ón duine ainmnithe an 26 Bealtaine 2015. Cuireadh tús le híocaíochtaí i leith na bliana scéime 2016 i mí na Nollag 2016 leis na rannpháirtithe sin a raibh meánleibhéal comhlíontais bainte amach acu. Chuir an duine ainmnithe isteach sonraí breise ina dhiaidh sin agus tá sé/sí incháilithe d'íocaíocht a eisíodh chuig a cuntas bainc  an té sin le roinnt laethanta anuas.

Top
Share