Skip to main content
Normal View

An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 28 February 2017

Tuesday, 28 February 2017

Questions (659)

Éamon Ó Cuív

Question:

659. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoin Scéim GLAS le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (mionsonraí leis seo); an fáth go bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9556/17]

View answer

Written answers

Ceadaíodh an duine ainmnithe isteach in GLAS 2 agus an 1 Eanáir 2016 an dáta ar cuireadh tús leis an gconradh.

Le linn phróiseas seiceála na réamhíocaíochta in 2016, tugadh fadhb ar aird i ndáil leis an mbeart Talamh Buan Féaraigh Ionchuir Ísil.  Tá an fhadhb sin anois fiosraithe ag oifigigh na Roinne agus tá an t-iarratas á phróiseáil tuilleadh maidir le híocaíocht 2016.

Top
Share