Skip to main content
Normal View

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 7 March 2017

Tuesday, 7 March 2017

Questions (198)

Peadar Tóibín

Question:

198. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Oideachais agus Scileanna cad é an stádas maidir le bunú an Aonaid Gaeltachta tiomnaithe nua sa Roinn Oideachais agus Scileanna chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus chun tacú leis sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11368/17]

View answer

Written answers

Tá Aonad um Oideachas Gaeltachta bunaithe anois san Roinn Oideachais agus Scileanna chun maoirsiú a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt do chur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022. Tá ceathrar baill ar fhoirean an Aonaid. Tá foireann bheag de chigirí aitheanta freisin chun tacú leis an Aonad agus obair a dhéanamh le scoileanna a roghnaíonn chun páirt a glacadh sa phróiseas aitheantais Scoileanna Gaeltachta ó Mheán Fómhair 2017. Tá an tAonad um Oideachas Gaeltachta ag díriú isteach ar thosaíochtaí a chuirfear i bhfeidhm in 2017 lena n-áirítear dréachtú na gCiorclán do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna Gaeltachta don scoilbhliain  2017/2018.  

Top
Share