Skip to main content
Normal View

Clár Oiliúna Tosaigh Múinteoirí

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 7 March 2017

Tuesday, 7 March 2017

Questions (199)

Peadar Tóibín

Question:

199. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil tús curtha leis an bpróiseas tairisceana chun soláthraí an Chláir Oiliúna Tosaigh Múinteoirí a roghnú mar atá leagtha amach sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus, mura bhfuil, cathain a chuirfear tús leis an bpróiseas tairisceana; an bhféadfaidh an tAire cur síos a dhéanamh ar stádas reatha an phróisis tairisceana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11369/17]

View answer

Written answers

Tá teagmháil déanta ag an Aonad um Oideachas Gaeltachta leis an Oifig um Sholáthar Rialtais maidir le tús a chur leis an bpróiseas tairisceana agus na doiciméid ábhartha don phróiseas tairsceana a dhréachtú maidir le gairm tograí.

Top
Share