Skip to main content
Normal View

Clár Oiliúna Tosaigh Múinteoirí

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 7 March 2017

Tuesday, 7 March 2017

Questions (200)

Peadar Tóibín

Question:

200. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Oideachais agus Scileanna cathain a bheidh daoine a ghlacfaidh páirt sa Chlár Oiliúna Tosaigh Múinteoirí cáilithe agus ag teagasc sna scoileanna Gaeltachta de réir an amscála atá i bhfeidhm faoi láthair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11370/17]

View answer

Written answers

Cé go bhfuil céimithe do chláir oideachais tosaigh múinteoirí do mhúinteoirí bunscoile cáilithe an Ghaeilge a mhúineadh agus múineadh trí Ghaeilge, aithníonn an Polasaí don Oideachas Gaeltachta go bhfuil gá le clár oideachais tosaigh múinteoirí a sholáthar chun tuiscint níos doimhne a fhorbairt ar na dushláín a bhaineann le bheith ag múineadh i suíomh tumoideachais agus i scoileanna lán-Ghaeilge le daltaí ó réimse de chúlra teanga. Mar chuid de chur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, tá súil agam go mbeidh Clár Oideachais Tosaigh Múinteoirí nua trí mheán na Gaeilge á sholáthar do mhúinteoirí bunscoile thar thréimhse ceithre bliana ó 2018/19.  Tá na spriocdhátaí don chúrsa seo ag brath go mór ar thoradh rathúil an phróisis tairsceana, acmhainní a bheith ar fáil agus líon na ndaoine a roghnóidh an clár oideachais tosaigh múinteoirí seo.  Má thosnaíonn an clár in 2018/19, táthar ag súil go mbeadh an chéad grúpa d’iarchéimithe bunscoile ón gClár Oideachais Tosaigh Múinteoirí seo cáilithe chun teagasc i mbunscoileanna trí mheán na Gaeilge ó Mheán Fómhair 2022.

 Tá clár oideachais tosaigh múinteoirí do mhúinteoirí iar-bhunscoile á sholathar faoi láthair ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh (OEG). Ach, aithníonn an Polasaí don Oideachas Gaeltachta go bhfuil gá le líon na múinteoirí iar-bhunscoile nua-cáilithe atá in ann múineadh in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge/Gaelcholáistí a mhéadú. Táthar ag súil sa Pholasaí,  go mbeidh soláthar na múinteoirí iar-bhunscoile atá in ann múineadh trí mheán na Gaeilge láidrithe trí chúrsa Oideachais Tosaigh Múinteoirí  breise thar thréimhse dhá bhliain a chur ar fáil, go hidéalach ó 2018/19.  Tá na spriocdhátaí don chúrsa seo ag brath go mór ar thoradh rathúil an phróisis tairsceana, acmhainní a bheith ar fáil agus líon na ndaoine a roghnóidh an clár oideachais tosaigh múinteoirí seo.  Táthar ag súil go mbeadh an chéad ghrúpa d’iarchéimithe iar-bhunscoile ón gClár Oideachais Tosaigh Múinteoirí seo cáilithe chun teagasc in iar-bhunscoileanna trí mheán na Gaeilge ó Mheán Fómhair 2020.

Top
Share