Peadar Tóibín
Question:45. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ós rud é gur léiríodh sa tuarascáil is déanaí ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, breis is bliain i ndiaidh í a chur le chéile, go bhfuil bac ar dhul chun cinn na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge de bharr easpa monatóireachta, céard a dhéanfaidh an tAire chun an Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm agus a chinntiú go bhfuil maoirseacht á déanamh ar an straitéis agus go bhfuil cuspóirí beachta leagtha amach, le hamscála soiléir agus sprioc-am luaite le gach gníomh, mar atá molta sa tuarascáil; cathain a chuirfear sin i gcríoch; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11763/17]
View answer