Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Iompair

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 March 2017

Tuesday, 21 March 2017

Questions (1194)

Catherine Murphy

Question:

1194. D'fhiafraigh Deputy Catherine Murphy den Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt an tionscnamh 'Metro North’ i ndiaidh a bheith bogtha chun tosaigh, an aontaíonn sé gur chóir ainm Gaeilge a thabhairt ar an tseirbhís iompair nua seo, mar a rinneadh leis an tseirbhís ‘Luas’ roinnt blianta ó shin [13221/17]

View answer

Written answers

Cuireadh an moladh bunaidh le haghaidh nasc iarnróid éadrom go Sord trí Aerfort Bhaile Átha Cliath san áireamh faoin gclár infheistíochta iompair Transport 21agus tugadh Metro Northair. Dá bhrí sin, nuair a rinneadh an cinneadh i mí Mheán Fómhair 2015 chun dul ar aghaidh le leagan optamaithe an tionscadail nasc iarnróid éadrom tar éis thoradh an Staidéir Iompair Fhine Gall/North Dublin, tugadh new Metro Northar an tionscadal athbhreithnithe mar chaothúlacht agus chun idirdhealú a dhéanamh ar an moladh bunaidh. Is teideal oibre é seo ar an tionscadal agus ní chuireann sé bac ar theideal eile a roghnú ag pointe éigin sa todhchaí. Mar sin féin, níl pleananna agam faoi láthair é sin a dhéanamh.

Top
Share