Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 220 , 221 agus 222 le chéile.
Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar a Cheist Dála Uimhir 40 agus na freagraí a thug mé ar Cheisteanna na dTeachtaí Connolly agus Uí Chuív inné Uimhir 68 agus 79 a thugann léargas ar an obair bhreise atá ar bun trasna an státchórais mar a bhaineann sé le feidhmiú na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge.
Maidir leis an gceist faoi scéim fostaíochta shuntasach a chruthú sa Ghaeltacht ní miste dom a rá go bhfuil, dar liom, obair den scoth déanta ag Údarás na Gaeltachta ón uair gur bunaíodh é sa bhliain 1980 agus freagracht air as forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta. Is cinnte gur éirigh le hÚdarás na Gaeltachta infheistíocht shubstaintiúil a mhealladh chun na Gaeltachta thar na blianta agus tá sé thar a bheith tábhachtach a chinntiú go leanfar leis an infheistíocht sin chun pobal labhartha na Gaeilge a choinneáil sa Ghaeltacht. I dtaca le sin chuir mé fáilte roimh seo roimh dhea-fhigiúirí fostaíochta an Údaráis do 2016. Tógáil croí é a fheiceáil go bhfuil leibhéal fostaíochta seasmhach sna Gaeltachtaí agus go bhfuil borradh faoi ghnóthaí nua fós ann le 36 comhlacht nua ag dul i mbun gnó in 2016 agus 100 post cruthaithe iontu roimh dheireadh na bliana.
Maidir le buiséad caipitil an Údaráis do 2017, bhí €1m breise i maoiniú caipitil aonuaire faighte mar chuid de Mheastacháin Athbhreithnithe 2016. Tá sé seo coinnithe don bhliain reatha, rud a chiallaíonn gurb é €6.687m an bunlíne nua caipitil i mBuiséid 2017 d’Údarás na Gaeltachta, €1m níos airde ná an bunlíne i mBuiséid 2016. Ar ndóigh bhí áthas orm gur éirigh liom maoiniú breise dé €2.4m a chur ar fail do bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta le linn 2016. Táim sásta gur chuir an maoiniú breise seo ar chumas Údarás na Gaeltachta poist a choinneáil ina gcliant-chomhlachtaí sa Ghaeltacht agus tuilleadh infheistíochta a mhealladh go ceantair Ghaeltachta. Chuige sin, is í mo thuiscint go bhfuil sí mar aidhm ag an Údarás 500 post nua a chruthú sa Ghaeltacht in 2017. Ba mhaith liom a rá freisin, ós rud é go bhféadfadh cur i bhfeidhm pleananna teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012 a bheith ag tosú sa bhliain reatha i suas le 13 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, úsáidfear an ciste €735,000 atá á chur ar fáil agam don Údarás i mbliana - atá ardaithe ó €400,000 in 2016, chun cur ar chumas na limistéar, Oifigeach Gaeilge a fhostú le cúram a dhéanamh d’fheidhmiú phlean teanga an limistéir sin. Leanfaidh mé orm ag lorg mhaoinithe breise don Údarás sa tréimhse amach romhainn. Ní miste dom a lua chomh maith go bhfuil ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta i bhfeidhmiú an Phlean Gnímh do Cheantair Tuaithe na hÉireann.
Mar is eol don Teachta, tá ról reachtúil ag Foras na Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach gné den saol ar fud oileán na hÉireann. Tá iliomad oibre idir lámha aige ar bhonn leanúnach chun a dhualgais reachtúla a chomhlíonadh:
- Tá Pleananna Gnó agus Corparáideacha Fhoras na Gaeilge, agus na pleananna atá aontaithe idir Foras na Gaeilge agus na 6 Cheanneagraíocht, dírithe ar mhéadú a dhéanamh ar líon na ndaoine a úsáideann an Ghaeilge ar bhonn rialta agus iad curtha in oiriúint don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
- Tá an Cur Chuige Comhpháirtíochta leis na 6 Cheaneagraíocht i bhfeidhm anois ó dheireadh 2014, agus tá ag éirí leis na Ceanneagraíochtaí dul i bhfeidhm ar an phobal. Mar sin féin, glacfaidh sé tamall de bhlianta go bhfeicfimid toradh na hoibre sin ar fhigiúirí an daonáirimh.
- Beidh Foras na Gaeilge agus Gaeloideachas ag tacú le forfheidhmiú an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, rud a imreoidh tionchar ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.
- Tá obair phleanála ar siúl faoi láthair i dtrí cinn de bhailte atá sé beartaithe a ainmniú mar Bhailte Seirbhíse Gaeltacht, agus i dtrí cinn de bhailte atá sé beartaithe a ainmniú mar líonraí Gaeilge.
- Beidh Foras na Gaeilge agus na 6 Cheanneagraíocht ag déanamh anailíse ar na figiúirí daonáirimh ag an Fhóram Comhpháirtíochta, agus ag déanamh athbhreithnithe ar a gcuid pleananna bunaithe ar an anailís sin.
- Tá moltaí curtha faoi bhráid mo Roinne ag Foras na Gaeilge ar bhealaí le tacú le forbairt phobail labhartha Gaeilge tríd Éire Ildánach, trí Fhíorú Acmhainneacht na Tuaithe agus i leith infheistíocht caipitil in ionaid Ghaeilge ar fud na tíre.
- Beidh Foras na Gaeilge ag cur comhairle i láthair na Roinne Oideachais agus Scileanna i leith theagasc na Gaeilge i mbunscoileanna agus i leith thacú le forbairt na Gaeilge labhartha i measc dhaltaí scoile dara leibhéal trí mhéadú a dhéanamh ar an Ghaelbhratach.
- Tá moltaí forbartha ag leibhéal na réamhscolaíochta curtha faoi bhráid na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige ag Foras na Gaeilge i gcomhar le Gaeloideachas le tacú le forbairt na Gaeilge sa phobal i naíonraí.
Tá réimse leathan ábhar agus gníomhaíochta ar leith clúdaithe sa phlean infheistíochta, agus tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh in an-chuid de na ghníomhaíochta seo cheana féin, agus maoiniú bhreise curtha ar fáil do chuid acu. Mar shampla, tá an Roinn ag cur maoinithe de os cionn €300,000 ar fáil i mbliana chun cúrsa céime ar líne sa Ghaeilge agus i gCultúr Traidisiúnta na hÉireann a fhorbairt, i gcomhpháirtíochte le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Cé nach miste a admháil gur plean uaillmhianach atá curtha le chéile ag na grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta - atá ag lorg ollmhaoiniú breise thart €5m in 2017 agus €30m thar an tréimhse 2018-2019 - tig leis an Teachta glacadh leis go leanfaidh mé, feadh mo chumais, ag lorg acmhainní breise don earnáil Gaeilge agus Gaeltachta, laistigh den oll-sholáthar airgeadais atá ar fáil don Rialtas.