Skip to main content
Normal View

Íocaíochtaí Deontas

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 May 2017

Tuesday, 16 May 2017

Questions (528)

Éamon Ó Cuív

Question:

528. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt cén uair a bheidh na deontais faoi scéim na nDeontas Caipitil Spóirt do 2017 á bhfógairt aige; cén uair a dhéanfar cinneadh i dtaobh an iarratais atá déanta ag Club Iomartha Choláiste na Coiribe, Co na Gaillimhe faoin scéim sin (sonraí leis seo); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22724/17]

View answer

Written answers

Is féidir liom a dheimhniú go ndearna an eagraíocht ar thagair an Teachta di iarratas a chur isteach faoi Chlár Caipitil Spóirt 2017. Déanfaidh oifigigh i mo Roinn measúnú ar gach ceann den 2320 iarratas a fuarthas faoi Chlár Caipitil Spóirt 2017 sna míonna atá romhainn.

Toisc líon na n-iarratas a fuarthas agus an mioneolas a cuireadh isteach, tógfaidh sé roinnt míonna an próiseas measúnaithe a chríochnú agus níltear ag súil le leithdháileadh a dhéanamh go dtí Meán Fómhair.

Top
Share