Skip to main content
Normal View

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 May 2017

Tuesday, 23 May 2017

Questions (404, 405)

Peadar Tóibín

Question:

404. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cé mhéad uair a bhuail an tAire sinsearach le heagraíochtaí Gaeltachta go hoifigiúil fad is atá sí ina hAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. [24539/17]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

405. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cé mhéad uair a bhuail an tAire sinsearach le eagraíochtaí Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht go hoifigiúil fad is atá sí ina hAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. [24542/17]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 404 agus 405 le chéile.

Toisc go bhfuil na freagrachtaí reachtúla maidir leis an teanga tarmligthe domsa mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, is ormsa go príomha a thiteann an cúram casadh le heagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta, de réir mar is gá. Beag beann air sin, dár ndóigh, casann an tAire Humphreys le heagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta ó am go chéile chomh maith. Ó ceapadh í mar Aire, mar shampla, thug an tAire Humphreys cuairteanna ar oifigí Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta chun obair na n-eagras sin a phlé agus thug sí cuireadh do na heagrais Ghaeilge, Conradh na Gaeilge san áireamh, chuig Seisiún Faisnéise maidir leis an mBreatimeacht a tionóladh i mBaile an Chabháin ar 6ú Feabhra 2017.

Anuas air sin, tá an tAire Humphreys ina ball gníomhach den Choiste Rialtais do na hEalaíona, don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin a thagann le chéile, faoi Chathaoirleacht an Taoisigh, ar bhonn rialta.

Top
Share