Tugadh le fios sa bhfreagra ar Cheist Dála Uimhir 689 ar 2 Bealtaine 2017 go bhfuil sé aontaithe leis an Roinn Oideachais agus Scileanna go ndéanfar athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga mar chuid den Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022. Mar chéad céim den athbhreithniú seo, tá Coiste Stiúrtha curtha le chéile le hionadaithe ó mo Roinn, ón Roinn Oideachais agus Scileanna, ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta agus ó Gaeloideachas Teo. chun téarmaí tagartha don athbhreithniú a aontú agus a chur faoi mo bhráid le bheith faofa. Táthar ag súil leis an athbhreithniú seo a bheith déanta sa bhliain reatha. Is iad Muintearas Teo. agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne a dhéanann riaradh ar an scéim seo faoina nglactar le hiarratais ó scoileanna sa Ghaeltacht. Bím sásta i bprionsabal cúnamh a chur ar fáil faoin scéim do scoileanna a chomhlíonann critéir na scéime ach gach cás ar leith a bheith pléite le mo Roinn agus aontaithe leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, i gcomhthéacs an athbhreithnithe thuasluaite agus an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta.