Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim na gCúntóirí Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 20 June 2017

Tuesday, 20 June 2017

Ceisteanna (992)

Pat the Cope Gallagher

Ceist:

992. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an dtabharfaidh sí cuntas ar an dul chun cinn atá déanta maidir le scéim na gCúntóirí Teanga, go háirithe maidir leis na poist bhreise a cheadaigh an tAire ach nár líonadh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [29020/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tugadh le fios sa bhfreagra ar Cheist Dála Uimhir 689 ar 2 Bealtaine 2017 go bhfuil sé aontaithe leis an Roinn Oideachais agus Scileanna go ndéanfar athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga mar chuid den Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022. Mar chéad céim den athbhreithniú seo, tá Coiste Stiúrtha curtha le chéile le hionadaithe ó mo Roinn, ón Roinn Oideachais agus Scileanna, ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta agus ó Gaeloideachas Teo. chun téarmaí tagartha don athbhreithniú a aontú agus a chur faoi mo bhráid le bheith faofa. Táthar ag súil leis an athbhreithniú seo a bheith déanta sa bhliain reatha. Is iad Muintearas Teo. agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne a dhéanann riaradh ar an scéim seo faoina nglactar le hiarratais ó scoileanna sa Ghaeltacht. Bím sásta i bprionsabal cúnamh a chur ar fáil faoin scéim do scoileanna a chomhlíonann critéir na scéime ach gach cás ar leith a bheith pléite le mo Roinn agus aontaithe leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, i gcomhthéacs an athbhreithnithe thuasluaite agus an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta.

Barr
Roinn