Peadar Tóibín
Question:228. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Oideachais agus Scileanna cad iad na costais bhreise a bhaineann le scoil lán-Bhéarla a iompú ina scoil lán-Ghaeilge lasmuigh de limistéar na Gaeltachta. [29983/17]
View answerDáil Éireann Debate, Tuesday - 27 June 2017
228. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Oideachais agus Scileanna cad iad na costais bhreise a bhaineann le scoil lán-Bhéarla a iompú ina scoil lán-Ghaeilge lasmuigh de limistéar na Gaeltachta. [29983/17]
View answerIs é an príomhchostas a bheadh i gceist chun scoil lán-Bhéarla a iompú ina scoil lán-Ghaeilge lasmuigh de limistéar na Gaeltachta ná tacaí breise a chur ar fáil don fhoireann teagaisc chun seachadadh curaclaim ar ardcháilíocht a bhaint amach i gcomhthéacs lán-Ghaeilge. Bheadh éagsúlacht ann ó scoil go scoil ag brath ar an leibhéil inniúlachta agus taithí sa scoil.