Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scoileanna Lán-Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 June 2017

Tuesday, 27 June 2017

Ceisteanna (228)

Peadar Tóibín

Ceist:

228. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Oideachais agus Scileanna cad iad na costais bhreise a bhaineann le scoil lán-Bhéarla a iompú ina scoil lán-Ghaeilge lasmuigh de limistéar na Gaeltachta. [29983/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is é an príomhchostas a bheadh i gceist chun scoil lán-Bhéarla a iompú ina scoil lán-Ghaeilge lasmuigh de limistéar na Gaeltachta ná tacaí breise a chur ar fáil don fhoireann teagaisc chun seachadadh curaclaim ar ardcháilíocht a bhaint amach i gcomhthéacs lán-Ghaeilge. Bheadh éagsúlacht ann ó scoil go scoil ag brath ar an leibhéil inniúlachta agus taithí sa scoil.

Barr
Roinn