Skip to main content
Normal View

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 29 June 2017

Thursday, 29 June 2017

Questions (172, 173)

Pearse Doherty

Question:

172. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta maidir leis an liúntas is déanaí a fógraíodh an 9ú Bealtaine 2017 le cuidiú le soláthraithe seirbhíse luathoideachais Gaeltachta ó thaobh tacaíochtaí teanga, cad chuige nach raibh deontas curtha ar fáil do sholáthraí i gContae Dhún na nGall (sonraí curtha ar fáil) mar chuid den scéim seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30727/17]

View answer

Pearse Doherty

Question:

173. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta maidir leis an liúntas is déanaí a fógraíodh an 9ú Bealtaine 2017 le cuidiú le soláthraithe seirbhíse luathoideachais Gaeltachta ó thaobh tacaíochtaí teanga, cad chuige nach raibh deontas curtha ar fáil do sholáthraí i gContae na Gaillimhe (sonraí curtha ar fáil) mar chuid den scéim seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30728/17]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 172 agus 173 le chéile.

I 2014, cheadaigh mo Roinn deonta is trí bliana don dá sheirbhís luathoideachais atá luaite ag an Teachta faoin Scéim Seirbhísí Réamhscoile agus Iarscoile. B’ionann na deonta is a ceadaíodh agus deonta is suas le €15,000 in aghaidh na bliana don dá sheirbhís faoi seach.

Tá na hiarratais reatha a rinneadh i leith an dá sheirbhís seo á mbreithniú faoi láthair ag mo Roinn agus déanfar cinneadh ina leith chomh luath agus is féidir.

Top
Share