Skip to main content
Normal View

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 20 September 2017

Wednesday, 20 September 2017

Questions (227)

Peadar Tóibín

Question:

227. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Oideachais agus Scileanna an mbeidh an clár dátheangach um Thacaíocht Naisc (Droichead) á chur ar fáil d’iar-bhunscoileanna gaeltachta ar bhonn píolótach; más rud é go mbeidh, cathain a chuirfear ar fáil é; cá mhéad scoil a bhfuil an roinn ag súil leis go mbeidh siad páirteach sa chlár sna trí bliana atá romhainn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39244/17]

View answer

Written answers

Is é ceann de na gníomhartha atá ainmnithe sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 ná triail phíolótach a dhéanamh ar chlár leasaithe ‘Naisc’ (Droichead) in dhá iar-bhunscoil Ghaeltachta a chuireann teagasc iomlán ar fáil trí Ghaeilge, chun tacú le haistriú na scoláirí T2 go hoideachas iomlán trí mheán na Gaeilge. Tá na gníomhartha sa Pholasaí á gcur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe ar feadh tréimshe cúig bliana an Pholasaí. Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag mo Roinn maidir le cur i bhfeidhm an Pholasaí go dtí seo, níl aon chinneadh déanta maidir le cathain a chuirfear tús leis an gclár Droichead a chur ar fáil d'iarbhunscoileanna ar bhonn píolótach.

Top
Share