Is ceann de phríomhspriocanna an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 é feabhas a chur ar cháilíocht an teagaisc trí Ghaeilge. Is é ceann de na gníomhartha atá ainmnithe sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 i leith na príomhsprice sin ná láidriú ar sholáthar na múinteoirí ón soláthraí Oideachas Tosaigh Múinteoirí atá ann cheana trí áiteanna a sholáthar do 30 múinteoir iarbhunscoile breise in aghaidh na bliana ó 2018/19.
Tá dul chun cinn déanta ag mo Roinn chun soláthar líon na múinteoirí iar-bhunscoile atá in ann teagasc trí mheán na Gaeilge a láidriú tríd na socruithe atá déanta chun dhá phost iar-bhunscoile ar iasacht a sholáthar don Mháistreacht Ghairmiúil Oideachais in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá sé i gceist go gcuirfidh na poist bhreise seo ó Mheán Fómhair 2017 ar aghaidh, le soláthar na múinteoirí iar-bhunscoile trí raon de bhearta lena n-áirítear uasoiliúint ábhar oidí agus deiseanna for-rochtana, ar líne agus foghlaim chumaisc, chomh maith leis an gclár a neartú agus a chur chun tosaigh.
Tá mo Roinn ag obair leis an Oifig um Sholáthar Rialtais chun próiseas iomaíochta tairsceana a reáchtáil do dhearadh agus do sholáthar clár B.Ed. Oideachas Tosaigh Múinteoirí (OTM) nua trí mheán na Gaeilge agus do chlár iarchéime trí mheán na Gaeilge do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile ionas gur féidir an soláthar múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile atá in ann oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán a mhéadú.