Pat the Cope Gallagher
Question:241. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén fáth go bhfuil an Roinn ag diúltú dul i gcomhairle le Coiste Thrá Mhachaire Rabhartaigh; cén fáth go bhfuil an roinn ag diúltú castáil leis an choiste; cén fáth go bhfuil an roinn ag diúltú glacadh leis an choiste mar ionadaithe don chéidh; cén fáth nach bhfuil an roinn sásta moltaí an choiste a chur san áireamh; cén fáth go bhfuil an roinn ag léiriú neamhshuim iomlán sa chéidh; an mbeidh sí sásta castáil leis an choiste áitiúil ar an láthair leis an cheist thábhachtach seo a phlé; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40574/17]
View answer