D'fhógair mé le gairid go bhfuil allúntas iomlán ar fiú €784,442 ceadaithe do Scéim na gCúntóirí Teanga don scoilbhliain 2017/18. As an allúntas iomlán sin, tá €551,813 curtha ar fáil do Mhuintearas Teo agus €232,629 ceadaithe do Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun an scéim a riaradh thar ceann na Roinne.
Is ionann an t-allúntas seo agus an deontas a ceadaíodh anuraidh don scoilbhliain 2016/2017. Cé is móite de scoil amháin atá i gceantar feidhme Mhuintearas Teo, SN na Trá Báine a aithníodh in ionad SN Choill an tSidheáin atá dúnta anois, is ionann na scoileanna atá aitheanta faoin scéim sa scoilbhliain reatha agus a aithnníodh in 2016/17.
Mar a luadh sa bhfreagra ar Cheist Dála Uimhir 992 ar 20 Meitheamh 2017 agus 689 ar 2 Bealtaine 2017, tá sé beartaithe athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim mar chuid d'fheidhmiú an an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2016 agus atá á chur i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcomhar le páirtithe leasmhara eile, mo Roinnse san áireamh - mar chuid d'fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.
Tá i gceist go dtosóidh an t-athbhreithniú sin go luath agus beifear ag súil leis go gcuimseofar, mar chuid de, na critéir cháilithe go mba chóir don Roinn a bheith á gcur san áireamh feasta chun críche aitheantais faoi scéim na gcúntóirí teanga i gcomhthéacs fheidhmiú an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus an phróisis pleanála teanga araon.