Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 58 agus 68 le chéile.
Den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta atá aitheanta faoin bproiseás pleanála teanga mar a leagtar amach é faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá an próiseas tosaithe i ngach aon cheann díobh anois.
Tá pleanana teanga i leith: Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir; Cois Fharraige; agus Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhairtaigh ceadaithe le gairid - rud a fhágann go mbeifear ag tosú le feidhmiú pleananna sna ceantair sin go luath.
Tá pleananna teanga i leith na limistéar: Ciarraí Thiar; Ciarraí Theas; Na Déise; An Cheathrú Rua agus Múscraí á mbreithniú ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair i gcomhar leis na ceanneagraíochtaí pleanála teanga ábhartha, i dtreo a bheith in ann iad a chur faoi bhráid mo Roinne chun críche faofa go luath.
Cé is móite den trí limistéar pleanála teanga atá suite in oirthear Ghaeltacht na Gaillimhe atá i mbun eagraíochtaí a roghnú go háitiúil faoin bpróiseas faoi láthair (eadhon: Bearna agus Cnoc na Cathrach: an tEachréidh agus Oirthear na Gaillimhe) tá obair i ngach limistéar eile faoi láthair mar a bhaineann sé le ullmhúchán pleananna.
Maidir leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, tá obair idir lámha cheana féin chun plean teanga a ullmhú faoin bproiséas i leith na mbailte: Daingean Uí Chúis, Leitir Ceanainn, Cathair na Gaillimhe agus Cathair Chorcaí. Táthar ag súil leis go mbeidh an próiseas tosaithe sna bailte: Béal an Mhuirthead, An Clochán Liath, Trá Lí agus Dún Garbhán idir seo agus deireadh na bliana
Ina theannta sin, tá obair idir lámha chun pleananna teanga a ullmhú i leith na líonraí Gaeilge: Baile Loch Riach, Co. na Gaillimhe; Inis, Co. an Chláir agus Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath.
Chun cabhrú le feidhmiú an phróisis, tá allúntas ar fiú €850,000 in iomlán é curtha ar fáil ag mo Roinn i mbliana. Den allúntas sin tá suim €735,000 curtha ar fail d'Údarás na Gaeltachta agus an fuílleach €115,000 curtha ar fáil d'Fhoras na Gaeilge.
Bainfear leas as an allúntas seo chun cabhrú le ceanneagraíochtaí pleanála teanga a gcuid pleananna a ullmhú. Chomh maith leis sin bainfear úsáid as chun tús a chur le feidhmiú pleananna aontaithe. Mar chuid den socrú beidh sé curtha ar chumas na limistéir faoi leith oifigeach pleanála teanga a fhostú go háitiúil chun cabhrú le feidhmiú a bpleananna, uair amháin go mbeidh sé faofa faoin Acht.
Fearacht gach réimse eile caiteachas poiblí beidh gá do gach páirtí leasmhar a bhfuil baint acu le hullmhú agus le feidhmiú pleananna faoin bpróiseas in am trátha a gcuid tosaíochtaí a aithint laistigh den chistíocht atá agus a bheidh curtha ar fáil. Comhthreomhar leis an gciste pleanála teanga ar ndóigh cuimhnimís go mbeidh an infheistíocht shuntasach leanúnach atá á cur ar fáil ón státchiste ar leas na Gaeilge á cur chun fónaimh chomh maith ar mhaithe le tacú le feidhmiú an phróisis pleanála teanga trí chéile.
Is féidir leis an Teach a bheith cinnte de go leanfaidh mé orm mar Aire Stáit a bhfuil leas na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi mo chúram chun an cion is fear is féidir a fháil ón státchiste ar son an phróisis agus an rud atá ag a chroílár - an Ghaeilge.
Tá tuilleadh sonraí maidir leis an bproiséas trí chéile agus na tacaíochtaí praiticiúla eile atá á gcur ar fáil chun cabhrú leis ar fáil ar shuíomh na Roinne.