Tá cúrsaí
fós mar a luaitear cheana i gceist pharlaiminte uimhir 77 agus uimhir 78 ar an 12ú lá de mhí na Samhna, 2017.
Aithníonn mo Roinnse an ról ríthábhachtach atá ag scoileanna na n-oileán i gcothabháil phobail agus chultúr na n-oileán, agus tá sé tiomanta go láidir do na scoileanna a choimeád ar na hoileáin. Is ar an gcúis sin agus mar aitheantas ar na dúshláin atá rompu go bhfuil tacaíocht bhreise á tabhairt cheana féin ag an Roinn do na scoileanna ar na hoileáin.
Tá sé mar aidhm ag Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 de chuid na Roinne tacaíocht a thabhairt d’úsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga na bpobal Gaeltachta trí oideachas ardchaighdeáin trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil. Faoi choinníollacha an Pholasaí, tá acmhainní breise á soláthar do scoileanna Gaeltachta a bhfuil rogha déanta acu páirt a ghlacadh sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. I measc na n-acmhainní sin tá forbairt ghairmiúil leantach tiomnaithe (FGL), atá á cur ar fáil faoi láthair do scoileanna. Tá cuairteanna comhairleacha ón gCigireacht á gcur i bhfeidhm chomh maith cun tacú le pleanáil ghníomhaíochta na scoileanna chun caighdeán an tsoláthair oideachais trí Ghaeilge a neartú agus chun úsáid na Gaeilge sa phobal scoile a mhéadú. Cuirfear breis tacaíochta agus acmhainní ar fáil do scoileanna a bheidh ag glacadh páirte sa scéim in 2018, tar éis do phleananna gníomhaíochta na scoileanna a bheith faofa.
I mBuiséad 2018, cuirfear níos mó ná €1 milliún ar fáil chun leanúint le feidhmiú céimneach an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 in 2018. Cuirfidh an Roinn na ceisteanna atá ardaithe ag an Teachta san áireamh i gcomhthéacs an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 agus na n-éileamh iomaíoch ar na hacmhainní a bheidh ar fáil.