Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scoileanna Oileáin

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 25 October 2017

Wednesday, 25 October 2017

Ceisteanna (75)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

75. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an aithníonn sé go bhfuil dúshlán faoi leith le sárú ag na meánscoileanna atá ag feidhmiú ar na hoileáin amach ón gcósta agus an bhfuil i gceist aige soláthar speisialta a chur ar fail do na scoileanna sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44812/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá cúrsaí fós mar a luaitear cheana i gceist pharlaiminte uimhir 77 agus uimhir 78 ar an 12ú lá de mhí na Samhna, 2017.

Aithníonn mo Roinnse an ról ríthábhachtach atá ag scoileanna na n-oileán i gcothabháil phobail agus chultúr na n-oileán, agus tá sé tiomanta go láidir do na scoileanna a choimeád ar na hoileáin. Is ar an gcúis sin agus mar aitheantas ar na dúshláin atá rompu go bhfuil tacaíocht bhreise á tabhairt cheana féin ag an Roinn do na scoileanna ar na hoileáin.

Tá sé mar aidhm ag Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 de chuid na Roinne tacaíocht a thabhairt d’úsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga na bpobal Gaeltachta trí oideachas ardchaighdeáin trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil. Faoi choinníollacha an Pholasaí, tá acmhainní breise á soláthar do scoileanna Gaeltachta a bhfuil rogha déanta acu páirt a ghlacadh sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. I measc na n-acmhainní sin tá forbairt ghairmiúil leantach tiomnaithe (FGL), atá á cur ar fáil faoi láthair do scoileanna. Tá cuairteanna comhairleacha ón gCigireacht á gcur i bhfeidhm chomh maith cun tacú le pleanáil ghníomhaíochta na scoileanna chun caighdeán an tsoláthair oideachais trí Ghaeilge a neartú agus chun úsáid na Gaeilge sa phobal scoile a mhéadú. Cuirfear breis tacaíochta agus acmhainní ar fáil do scoileanna a bheidh ag glacadh páirte sa scéim in 2018, tar éis do phleananna gníomhaíochta na scoileanna a bheith faofa.

I mBuiséad 2018, cuirfear níos mó ná €1 milliún ar fáil chun leanúint le feidhmiú céimneach an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 in 2018. Cuirfidh an Roinn na ceisteanna atá ardaithe ag an Teachta san áireamh i gcomhthéacs an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 agus na n-éileamh iomaíoch ar na hacmhainní a bheidh ar fáil.

Barr
Roinn