Peadar Tóibín
Question:1846. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cá mhéad airgid atá caite ag Rannán na Gaeltachta i ngach contae le cúig bliana anuas. [54357/17]
View answerDáil Éireann Debate, Tuesday - 16 January 2018
1846. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cá mhéad airgid atá caite ag Rannán na Gaeltachta i ngach contae le cúig bliana anuas. [54357/17]
View answerI dtús báire, is mian liom a chur in iúl don Teachta nach de réir chontae a coinnítear taifid faoi gach mhír caiteachais atá ag mo Roinn. É sin ráite, tá iarracht déanta agam Ceist an Teachta a fhreagairt.
Ag glacadh leis gur faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga de chuid na Roinne atá an cheist - clár faoina gcuirtear cúnamh ar fáil chun tacú le bonneagar Gaeilge agus pobail na Gaeltachta threisiú - leagtar amach sa tábla a leanas an dáileadh airgid atá déanta faoin gclár idir 2013 agus 2017, idir chúnamh caipitil agus reatha.
Contae |
2013 |
2014 |
2015 |
2016 |
2017 |
Dún na nGall |
€476,215 |
€471,323 |
€705,050 |
€865,857 |
€1,144,767 |
Maigh Eo |
€67,789 |
€62,256 |
€99,729 |
€90,104 |
€213,369 |
Gaillimh |
€2,225,491 |
€1,476,598 |
€1,432,240 |
€2,123,426 |
€1,737,064 |
Ciarraí |
€1,097,552 |
€1,519,464 |
€894,970 |
€728,424 |
€555,139 |
Corcaigh |
€95,866 |
€94,090 |
€225,926 |
€79,689 |
€172,438 |
Port Láirge |
€5,706 |
€8,197 |
€17,006 |
€6,117 |
€11,537 |
Co na Mí |
€22,629 |
€26,796 |
€18,722 |
€25,450 |
€18,838 |
Ilghnéitheach* |
€441,256 |
€277,489 |
€362,070 |
€304,000 |
€345,500 |
Iomlán |
€4,432,504 |
€3,936,213 |
€3,755,713 |
€4,223,067 |
€4,198,652 |
*Nótáil led thoil go gcuimsítear san eolas thuasluaite íocaíochtaí le heagraíochtaí ar leith a riarann cláir éagsúla oibre thar ceann na Roinne i gceantair Ghaeltachta éagsúla nach féidir a shonrú chomh éasca sin de réir contae. San áireamh anseo, tá Scéim na gCampaí Samhraidh agus Scéim na gCuntóirí Teanga.
Anuas air an gcaiteachas thuasluaite, leagtar amach sa table thíos an caiteachas a rinneadh le teaghlaigh Gaeltachta go príomhá faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ó 2013 go 2017:
|
2013 |
2014 |
2015 |
2016 |
2017 |
Co. Dhún na nGall |
€629,770 |
€624,682 |
€698,015 |
€790,821 |
€808,400 |
Co. Mhaigh Eo |
€311,050 |
€267,793 |
€289,900 |
€278,909 |
€279,125 |
Co. na Gaillimhe |
€2,199,580 |
€2,023,208 |
€2,182,879 |
€2,283,357 |
€2,281,167.50 |
Co. Chiarraí |
€365,220 |
€290,635 |
€321,807 |
€412,957 |
€396,852.50 |
Co. Chorcaí |
€106,337 |
€89,255 |
€81,638 |
€83,833 |
€76,860 |
Co. Phort Láirge |
€83,021 |
€76,097 |
€85,577 |
€105,604 |
€124,075 |
Co. na Mí |
€62,092 |
€56,924 |
€57,617 |
€49,400 |
€50,600 |
Co. an Chláir |
€15,685 |
€16,480 |
€9,997 |
€8,925 |
€4,340 |
IOMLÁN |
€3,772,755 |
€3,445,074 |
€3,727,430 |
€4,013,806 |
€4,021,420 |
Maidir leis an an gcóras pleanála teanga, íocadh na suimeanna sa table thíos le hÚdarás na Gaeltachta le dáileadh mar ba chuí sna contaetha éagsúla:
Bliain |
Údarás na Gaeltachta |
2014 |
€20,000 |
2015 |
€259,875 |
2016 |
€340,125 |
2017 |
€735,000 |
Iomlán |
€1,355,000 |