Skip to main content
Normal View

Cóiríocht Scoile

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 January 2018

Tuesday, 16 January 2018

Questions (407)

Éamon Ó Cuív

Question:

407. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a cheadófar deontas, a bhfuil iarratas déanta ina leith, do scoil (sonraí tugtha) chun cóiríocht níos feiliúnaí a chur ar fáil ann; cén chúis atá leis an moill ar an gceadú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1260/18]

View answer

Written answers

Is mian liom a chur in iúl don Teachta nach bhfuair mo Roinn iarratas le déanaí ón scoil dá ndearnadh tagairt maidir le cóiríocht bhreise a sholáthar. 

Bheadh de rogha ag an scoil iarratas a chur isteach chuig mo Roinn dá mba rud é gur aithin siad easnamh cóiríochta; is féidir foirmeacha iarratais a fháil ar láithreán gréasáin mo Roinne www.education.ie. Is sa chomhthéacs thuas a bhreithneofar an t-iarratas.

Question No. 408 answered with Question No. 378.
Top
Share