Skip to main content
Normal View

Na hOileáin amach ón gCósta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 January 2018

Tuesday, 16 January 2018

Questions (409)

Éamon Ó Cuív

Question:

409. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna ar thug sé cuairt, ó ceapadh é mar Aire, ar aon cheann de na bunscoileanna nó na meánscoileanna ar na hoileáin amach ón gcósta chun tuiscint a fháil ar na dúshláin atá roimh na scoileanna seo; más rud é nár thug, an bhfuil sé i gceist aige cuairt mar sin a thabhairt go luath; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1262/18]

View answer

Written answers

Níl cuairt tugtha agam ar scoileanna na n-oileán ach aithním go mór na dúshláin ar leith atá ag scoileanna na n-oiléan. Coimeádtar  cuirí ó scoileanna i m’oifig agus áirítear iad le linn cuairteanna réigiúnacha go dtí an ceantar.  

Ardaíodh an-chuid de na saincheisteanna ina  bhfuil tionchar acu ar scoileanna  ar na hoileáin ag an gComhdháil ETBI ar a d’fhreastail mé. Déanfaidh m’oifigigh cíoradh ar an tuairisc is déanaí ó Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán chun féachaint ar chén tacaíocht gur féidir a thabhairt do na scoileanna seo le  bealach chun cinn.

Top
Share