Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 January 2018

Tuesday, 23 January 2018

Questions (67)

Peadar Tóibín

Question:

67. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sí chun a rá cathain go díreach a fhoilseofar an plean gnímh cúig bliana don Straitéis 20 Bhliain don Ghaeilge agus Bille na dTeangacha Oifigiúla. [3446/18]

View answer

Oral answers (8 contributions)

Ar dtús, guím gach rath ar an Aire nua ina post. B'fhéidir go mbuailfidh sí linne go luath chun rudaí a phlé.

Mar is eol don Aire Stáit, tá géarchéim ann sa Ghaeilge thart timpeall na tíre ag an bomaite agus ba cheart go mbrostóimid orainn chun é a dheisiú. Táimid ag fanacht ón samhradh ar an bplean gnímh cúig bliana don straitéis 20 bliain a d'eascair ó athbhreithniú a thit amach in 2015. Dúirt an Roinn linn i mí na Samhna go bhfoilseofaí é "chomh luath in Éirinn agus is féidir". Níl a fhios agam cad is brí leis sin agus níl a fhios agam cathain a bheidh sé foilsithe ach tá géarghá go mbeadh sé foilsithe go luath.

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh. 303 ar 21 Samhain 2017 maidir leis an bplean gníomhaíochta don tréimhse 2018 go 2022 faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Mar a thug mé le fios sa bhfreagra sin, ós rud é go bhfuil freagracht thrasRannach i gceist maidir le cur i bhfeidhm na straitéise, tá plé ar bun ag mo Roinn leis na páirtithe leasmhara éagsúla maidir le spriocanna sonracha agus tráthchlár ina leith a aontú.

Mar atá mínithe agam go minic roimhe seo, is é nádúr na hoibre seo go dtógann sé am le nithe a aontú. Ní call a rá go bhfuilim ar an airdeall chomh maith faoin ngá a chinntiú, oiread agus is féidir, go bhfuil fiúntas leis an gclár bearta a mbeifear ag súil leis a chur i dtoll a chéile mar chuid den phlean críochnúil agus is gá, dá réir, a chinntiú go bhfuil téagar agus tairbhe le pé bearta a bheidh sa phlean i ndeireadh thiar thall.

Táim sásta go bhfuil  an obair sin ag dul ar aghaidh go maith agus is féidir a bheith cinnte de go leanfar leis an obair sin i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha leis an sprioc go mbeidh an plean á fhoilsiú faoi dheireadh mhí Feabhra nó mar sin.

Maidir leis an mBille teanga, tá mo chuid oifigigh ag obair i gcomhréir le hOifig an Ard-Aighne chun an Bille a dhréachtú.  Ag an am céanna, tá comhairliúcháin ar bun ag mo Roinn leis na Ranna Stáit ábhartha, leis an gCoimisinéir Teanga agus le páirtithe leasmhara eile le cinntiú go mbeidh an Bille is fearr agus is éifeachtaí againn le tabhairt os comhair an Oireachtais.  Tá an Bille seo san áireamh i gclár reachtaíochta an Rialtais le bheith foilsithe le linn sheisiún an Earraigh-an tSamhraidh de chuid na Dála.

An bhfuil an tAire Stáit ag rá go mbeidh an plean gnímh le foilsiú ag deireadh mí Feabhra?

Okay. Cén fáth go bhfuil sé déanach? Chualamar an bhliain seo caite go mbeadh sé déanta roimh dheireadh na bliana. An bhfuil an fhoireann chuí ann agus ag obair ar an bplean sin? Cé mhéad duine atá ag obair ar an bplean? Cén fáth go bhfuilimid ag sleamhnú arís agus arís eile mar gheall ar na príomhuirlisí atá againn chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa tír seo? An bhfuil tuarascáil faighte ag an Aire Stáit faoin bplean gnímh? An bhfuil aon cheann de na gnímh gur cheart dúinn a dhéanamh feicthe ag an Aire Stáit go fóill?

Dúradh linn freisin go bhfoilseofaí Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) i rith an tréimhse Dála a bhí ann ó 2011 go 2016. Gheall an t-iarThaoiseach, an Teachta Enda Kenny, go mbeadh sé déanta roimh an toghchán in 2016. Táimid Dáil amháin déanach anois maidir leis an mBille seo. An féidir leis an Aire Stáit dáta sonrach a thabhairt dúinn maidir leis an ngealltanas atá curtha os comhair na Dála anois?

Beidh an tuarascáil réidh ag deireadh mhí Feabhra agus beimid ag dul ar aghaidh leis sin. An fáth go raibh moill ann agus go raibh am de dhíth fá dtaobh den chomhairliúchán ná go raibh comhairliúchán cuimsitheach ann leis na dreamanna ábhartha. B'fhearr liom go mbeadh an spás ann chun an taighde a dhéanamh agus comhairliúchán cuimsitheach a bheith againn. Maidir le cad a bheidh sa tuarascáil, beidh sé sin níos soiléire nuair a bheidh an taighde agus an comhairliúchán déanta ag deireadh mhí Feabhra.

An fhadhb atá agamsa ná go bhfuil gach duine sa Dáil seo ag rá gur cheart go mbeadh Acht teanga ann sa Tuaisceart ach, ar an taobh seo den Teorann, tá na hacmhainní go léir againn agus an toil go léir againn - tá gach duine ar an taobh céanna mar gheall ar an gcuid is mó den Acht sin agus mar gheall ar an bplean gnímh - ach fós tá an t-am ag sleamhnú thart. Uaireanta úsáideann daoine "taighde" mar leithscéal. Nuair nach bhfuil Rialtas ag iarraidh rud a dhéanamh, uaireanta deirtear go gcuirfear isteach i gcoiste é nó go bhfaighidh sé tuarascáil breise faoin rud. Tá deis iontach anseo ag an Aire Stáit, áfach, agus tá suim aige ann. Níl a fhios ag éinne cé chomh fada is a mhairfidh an Dáil seo. B'fhéidir go dtitfidh sé i mí Aibreán ach b'fhéidir go leanfaidh sé go dtí mí Dheireadh Fómhair. Ní bheidh an deis céanna againn, áfach, chun plean gnímh a chur os comhair na Dála agus os comhair na tíre agus chun Acht na dTeangacha Oifigiúla níos láidre a chruthú. Impím ar an Aire Stáit go mbróstódh sé leis an rud seo.

Tháinig an smaoineamh uaimse cúpla bliain ó shin fá dtaobh den phlean gnímh cúig bliana agus tá an plean gnímh agus an straitéis 20 bliain fite fuaite ina chéile. Tá gealltanas ann fá dtaobh de dheireadh mhí Feabhra. É sin ráite, an gealltanas is mó ná an spreagadh agus an obair atá déanta leis na dreamanna éagsúla a bhí freagrach as an teanga, mar shampla, Conradh na Gaeilge agus grúpaí eile. Leo siúd, tá na dreamanna Stáit ar nós Údarás na Gaeltachta fosta. Tá siadsan ag obair ar chlár na straitéise 20 bliain. Is plean níos faide é an straitéis 20 bliain agus tá an plean gnímh cúig bliana de dhíth fá choinne an spriocdháta agus na príomhspriocanna fá dtaobh den teanga a bhogadh ar aghaidh. Dúirt an Teachta go raibh rudaí diúltacha ag dul ar aghaidh maidir le ceantair Ghaeltachta agus an teanga. Ní aontaím leis sin. Tá cuid mhór rudaí dearfacha ag dul ar aghaidh. Tóg, mar shampla, na scoileanna sa Ghaeltacht. Nuair a bhí mise i mo cheantar féin sa Ghaeltacht, bhí daoine ag labhairt Gaeilge. Beidh na rudaí nádúrtha ag dul ar aghaidh leis an teanga. Tá an teanga in áit difriúil sa Tuaisceart fosta. Fuair mise an spreagadh an teanga a athfhoghlaim ó dhaoine atá ina gcónaí sa Tuaisceart. Daoine iad seo ó Ard Mhacha, Tír Eoghain, Doire agus Béal Feirste. Tá an teanga in áit difriúil faoi láthair.

Top
Share