Is ar 13 Nollaig 2017 a d’fhógair mise agus an Taoiseach go raibh Bliain na Gaeilge 2018 faofa ag an Rialtas. Ag tógáil ar rath "an teanga bheo" a bhí mar shraith faoi chlár comórtha Éire 2016 agus i bhfianaise go mbeidh Conradh na Gaeilge ag ceiliúradh 125 bliain d’athbheochan na Gaeilge in 2018, feictear gur togra tráthúil í Bliain na Gaeilge 2018 chun ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Chun tacú le gníomhaíochtaí na bliana, cheadaigh Foras na Gaeilge pacáiste airgeadais de €450,000 roimh dheireadh na bliana agus tá meitheal oibre comhdhéanta d'ionadaíocht ó mo Roinn, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, RTÉ, TG4 agus Conradh na Gaeilge bunaithe ar mhaithe leis an togra a stiúradh. Anuas air sin, tá breis agus 50 grúpa ag comhordú féilire d'imeachtaí cruthaitheacha, ealaíne agus pobail atá á n-eagrú ar fud an domhain in 2018, le roinnt tionscadal tábhachtacha a leanfaidh ar aghaidh tar éis 2018.
Tá i gceist go mbeidh cur chuige tras-Rialtais i gceist agus an bhliain á ceiliúradh. Tá clár imeachtaí Eanáir go Meitheamh foilsithe cheana féin agus is féidir imeachtaí breise a chlárú i gcónaí ar gaeilge2018.ie. Ar mhaithe le rannpháirtíocht tras-Rialtais a éascú agus a chur chun cinn, beidh mé ag scríobh gan mhoill chuig mo chomhghleacaithe sa Rialtas ag iarraidh orthu a gcuid Ranna agus na comhlachtaí poiblí faoina gcúram a spreagadh le bheith páirteach sa cheiliúradh agus le himeachtaí a eagrú a thacaíonn leis an gcoincheap. Beidh mé ag déanamh an rud céanna, dár ndóigh, taobh istigh de mo Roinn fhéin.
Teastaíonn uaim go mbeidh na himeachtaí seo ag díríú isteach ar bheocht na teanga a cheiliúradh; úsáid, íomhá dearfach, infheictheacht agus gnáthú na Gaeilge sa phobal a mhéadú; an obair leanúnach a spreagadh agus aitheantas a thabhairt do chur chun cinn na Gaeilge; agus an Ghaeilge a chosaint mar theanga labhartha na Gaeltachta.
Táim cinnte go ndéanfaidh an fócas speisialta ar an Ghaeilge dearcadh dearfach i leith na teanga a spreagadh i measc an phobail i gcoitinne, rud a thacóidh le cuspóirí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a bhaint amach. Ba mhaith liom an deis a thapú anseo inniu cuireadh a thabhairt do mo chomhghleacaithe anseo sa Dáil a bheith páirteach freisin agus Gaeilge a labhairt agus muid i mbun ár gcuid oibre.