Skip to main content
Normal View

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 February 2018

Wednesday, 28 February 2018

Questions (39)

Peadar Tóibín

Question:

39. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén méadú atá i gceist leis an méadú atá luaite i dTionscadal 2040 ar chaiteachas Údarás na Gaeltachta agus Fhoras na Gaeilge sa todhchaí; cathain go díreach a dhéanfar é seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10095/18]

View answer

Written answers

Tá sé fógartha ag an Rialtas sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 go mbeidh €178m in airgead caipitil ar fáil le caitheamh ar thograí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán as seo go ceann 10 mbliana. Sin €78m in airgead nua anuas ar an mbonnshuim de níos mó ná €10m in aghaidh na bliana atá á chaitheamh ar na nithe céanna faoi láthair. San áireamh sa Phlean Forbartha Náisiúnta seo, tá gealltanas go méadófar buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta go €12m in aghaidh na bliana. Déanfar cinneadh maidir le hamchlár an mhéadaithe seo le linn an ghnáthphróisis meastacháin sna blianta atá amach romhainn.

Ós rud é nach bhfuil aon bhuiséad caipitil ag Foras na Gaeilge, ní bheidh aon tionchar díreach ag Tionscadal Éire 2040 ar chaiteachas Fhoras na Gaeilge.

Top
Share