Tá sé fógartha ag an Rialtas sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 go mbeidh €178m in airgead caipitil ar fáil le caitheamh ar thograí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán as seo go ceann 10 mbliana. Sin €78m in airgead nua anuas ar an mbonnshuim de níos mó ná €10m in aghaidh na bliana atá á chaitheamh ar na nithe céanna faoi láthair. San áireamh sa Phlean Forbartha Náisiúnta seo, tá gealltanas go méadófar buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta go €12m in aghaidh na bliana. Déanfar cinneadh maidir le hamchlár an mhéadaithe seo le linn an ghnáthphróisis meastacháin sna blianta atá amach romhainn.
Ós rud é nach bhfuil aon bhuiséad caipitil ag Foras na Gaeilge, ní bheidh aon tionchar díreach ag Tionscadal Éire 2040 ar chaiteachas Fhoras na Gaeilge.