Catherine Connolly
Question:692. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an mbeidh sé ina mhíbhuntáiste do chainteoirí Gaeilge agus do dhaoine sa Ghaeltacht nach mbeidh Nuacht RTÉ i nGaeilge ar fáil beo dóibh a thuilleadh; an dtugann sé seo comhionannas do dhá theanga oifigiúla an Stáit nuair atá an Nuacht as Béarla ar fáil beo do mhuintir na tíre, ach nach bhfuil an Nuacht as Gaeilge ar fáil dóibh ach ar bhonn réamhthaifeadta amháin; an dtagann an míchothromas seo salach ar mhisean a Roinne, úsáid na Gaeilge a bhrú chun cinn agus forbairt inbhuanaithe réigiúnach agus tuaithe, lena n-áirítear forbairt na Gaeltachta agus na n-oileán, a éascú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11107/18]
View answer