Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 17 April 2018

Tuesday, 17 April 2018

Questions (1647)

Éamon Ó Cuív

Question:

1647. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén plé atá déanta aici nó ag a Roinn leis an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil maidir le seirbhís iomlán raidió Gaeilge a bheith ar fáil d’aos óg na tire mar atá geallta sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. [15796/18]

View answer

Written answers

Tá Raidió Rí-Rá ar an bhfód ón mbliain 2008 agus á mhaoiniú ag mo Roinn ó 2009 ar aghaidh. I mbliana, beidh mo Roinn ag cur maoinithe de €75,000 ar fail don stáisiún. Díríonn an stáisiún seo ar an aos óg agus cuirtear béim ar cheol phríomh srutha seachas ceol ailtéarnach. Tá an stáisiún á chraoladh ar an idirlíon ar feadh 24 uair a chloig in aghaidh an lae ó 1 Márta 2008. Tá sé ar fáil ar an bhfeidhimchlár don iFón agus d’Android agus bíonn sé ar fáil ar FM ar feadh thréimhsí chomh maith. Tá an líon éisteoirí atá ag an stáisiún ag méadú i gcónaí.

Is í an aidhm atá ag Raidió Rí-Rá stáisiún raidió náisiúnta lánaimseartha den chéad chaighdeán a chur ar fáil trí Ghaeilge a bhéas dírithe ar dhaoine óga ar an iliomad ardán. Tagann an aidhm seo le cuspóir an Rialtais sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Tá cruinnithe tionólta idir oifigigh mo Roinne agus a gcuid comhghleacaithe sa Roinn Cumarsáide agus Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil maidir le cur chun cinn an stáisiúin. Anuas air sin, bíonn mo chuid oifigigh i dteagmháil go leanúnach le lucht bainistíochta Raidió Rí-Rá.

Tuigim go raibh cruinniú ag lucht Raidió Rí-Rá le mo chomhghleacaí, an tAire Cumarsáide agus Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil i mí Mheán Fómhair na bliana seo caite faoi thodhchaí an stáisiúin agus faoin bhféidearthacht é a chur ag craoladh ar FM go lánaimseartha. Tá plé ar bun idir lucht an stáisiúin agus an Roinn sin ó shin.

Idir an dá linn, tá plé ar bun idir Raidió Rí-Rá agus RTÉ Raidió na Gaeltachta, RTÉ 2FM agus TG4 maidir le bealaí gur féidir le Raidió Rí-Rá comhoibriú leis na stáisiúin seo ar mhaithe lena lucht éisteachta a leathnú amach.

Top
Share