Bíonn cruinnithe rialta idir oifigigh mo Roinne agus Comhairle Chontae na Gaillimhe ag a bpléitear forbairt Ché an Chalaidh Mhóir. Anuas air sin, tá forbairt na cé seo luaite sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027, rud a léiríonn dáiríreacht mo Roinne maidir leis an togra a bhrú chun cinn.
Tá na féidearthachtaí maidir lena forbairt pléite le coiste na cé ar roinnt ócáidí agus táthar ag éisteacht lena gcuid mianta. Táthar anois ag tógáil céimeanna chun aontú a fháil maidir le scóip na forbartha, i gcomhthéacs na n-acmhainí airgeadais a bheidh ar fáil do mo Roinn sna blianta amach romhainn agus na n-éileamh éagsúla ar na hacmhainí sin. Agus é sin déanta, déanfar an cás a mheas, faoi réir théarmaí an Chóid um Chaiteachas Poiblí, chun comhairleoirí a cheapadh le tabhairt faoi dhearadh na n-oibreacha.