Skip to main content
Normal View

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 June 2018

Tuesday, 26 June 2018

Questions (464)

Aindrias Moynihan

Question:

464. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil an bhfuil oifigeach Gaeilge ceaptha dá Roinn; an post lánaimseartha atá ann nó an bhfuil dualgais bhreise ar an oifigeach Gaeilge; cén grád atá ag an oifigeach Gaeilge; an bhfuil sé nó sí ábalta a ghnó nó a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27802/18]

View answer

Written answers

Ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta Dála gur ceapadh aon Oifigeach Gaeilge amháin sa Roinn seo agamsa chun ábhair a bhaineann leis an nGaeilge a láimhseáil. Tá an t-oifigeach seo lonnaithe san Aonad um Fhorbairt Straitéiseach agus Chumarsáid, agus ‘sé atá freagrach as comhairle, tacaíocht agus cúnamh a thabhairt do na rannáin agus na haonaid sa Roinn, mar a bhaineann sé le cúrsaí Gaeilge.

Tá an duine seo ag grád an Oifigigh Feidhmiúcháin, agus is féidir liom a dheimhniú go mbíonn freagrachtaí eile air sa bhreis ar an méid atá faoina chúram mar Oifigeach Gaeilge. Bhí scéim teanga nua daingnithe leis an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le déanaí, áfach, agus faoin scéim seo, ainmníodh post an Oifigigh Gaeilge mar phost lena ghabhann ard-inniúlacht sa Ghaeilge mar riachtanas d’aon duine ceaptha sa ról sin.

Tá an t-ardchaighdeán seo bainte amach ag an oifigeach seo, agus tá sé in ann a chuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge, nuair is gá.

Tá líon teoranta de phoist eile ann sa Roinn lena ngabhann inniúlacht sa Ghaeilge mar riachtanas, amhail Rúnaí Príobháideach an Aire Stáit. Ina theannta sin, tá baill foirne éagsúla ann ar fud na Roinne freisin, a bhfuil raon leathan cumais acu ó thaobh na Gaeilge de.

Mar fhocal scoir, mar chuid d’athscrúdú na Roinne ar phlean an lucht saothair, measfar na riachtanais eile atá ann i dtaobh na teanga, agus cuimseofar iad sin inár bpleananna earcaíochta agus comharbais as seo amach.

Top
Share