Aindrias Moynihan
Question:598. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil an bhfuil oifigeach Gaeilge ceaptha dá Roinn; an post lánaimseartha atá ann nó an bhfuil dualgais bhreise ar an oifigeach Gaeilge; cén grád atá ag an oifigeach Gaeilge; an bhfuil sé nó sí ábalta a ghnó nó a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27810/18]
View answer