Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 June 2018

Tuesday, 26 June 2018

Ceisteanna (598)

Aindrias Moynihan

Ceist:

598. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil an bhfuil oifigeach Gaeilge ceaptha dá Roinn; an post lánaimseartha atá ann nó an bhfuil dualgais bhreise ar an oifigeach Gaeilge; cén grád atá ag an oifigeach Gaeilge; an bhfuil sé nó sí ábalta a ghnó nó a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27810/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar chuid dá Phleanáil d’Fhórsa Saothair, déanann mo Roinn monatóireacht ar líon na bpost ina bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ag teastáil.  Tá sé arna chinneadh nach bhfuil poist sórt sin ag teastáil sa Roinn, faoi láthair, agus mar sin níor earcaigh an Roinn Oifigeach Gaeilge ar leith.  Déantar athbhreithniú ar an gcás ar bhonn rialta.

Tá roinnt ball foirne faoi láthair i mo Roinn atá cumasach a gcuid dualgas a chomhlíonadh trí mheán na Gaeilge agus is féidir na baill seo a dhíriú i dtreo réimsí oibre faoi leith ina bhfuil gá le Gaeilge agus/nó Béarla nuair is gá.  Leanfaidh mo Roinn ag soláthar deiseanna do bhaill foirne a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú trí oiliúint teanga ag leibhéil éagsúla a chur ar fáil.

Barr
Roinn