Gach bliain, tugann mo Roinn cuireadh d'údaráis áitiúla a bhfuil oileáin le buan-chónaí faoina gcúram, iarratas a dhéanamh ar comh-mhaoiniú ar thograí infreastruchtúra ar na hoileáin sin nó gaolta leo. Iarrtar go mbeadh na tograí liostáilte in ord tosaíochta agus déantar iad a mheas i gcomhthéacs bhuiséad na Roinne. Rinneadh amhlaidh do 2018. Anuas ar seo, scrúdaíonn mo Roinn iarratais ar chúnamh do thograí caipitil eile de réir mar a fhaigheann sí iad, agus déantar deontais a cheadú dá réir.
Déanann an tábla thíos cur síos ar an méid a ceadaíodh de réir oileán in 2018, chomh maith leis an daonra atá ar na hoileáin sin de réir dhaonáireamh 2016.
Oileán
|
Deontais Ceadaithe in 2018
|
Daonra
|
Dhún na nGall
|
|
|
Árainn Mhór
|
€ 186,500
|
469
|
Toraigh/Machaire Rabhartaigh
|
€ 150,000
|
119
|
Oileán an Bhráighe
|
€ 22,500
|
12
|
Sligeach
|
|
|
Inis Uí Mhaolchluiche
|
€ 18,750
|
3
|
Maigh Eo
|
|
|
Cliara
|
€ 112,500
|
159
|
Cloigeann
|
€ 37,500
|
8
|
Inis Toirc
|
€ 189,000
|
51
|
Gaillimh
|
|
|
Inis Bó Finne
|
€ 43,613
|
175
|
Inis Oírr
|
€ 349,149
|
281
|
Inis Mór
|
€ 12,429
|
762
|
Corcaigh
|
|
|
An tOileán Mór
|
€ 82,500
|
167
|
Faoide
|
€ 73,500
|
18
|
Inis Fada
|
€ 48,750
|
20
|
Baoi
|
€ 26,250
|
4
|
Inis Arcáin
|
€ 82,500
|
111
|
Oileáin Éagsúla i gCorcaigh
|
€ 22,000
|
|