Skip to main content
Normal View

Deontais Ranna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 19 September 2018

Wednesday, 19 September 2018

Questions (156)

Éamon Ó Cuív

Question:

156. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aici cloí leis an ngealltanas atá i gClár an Rialtais i mbliana agus breis airgid a chur ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht do 2019; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37979/18]

View answer

Written answers

Is mar chuid de phróiseas na meastachán atá ar bun faoi láthair a dhéanfar cinneadh maidir leis an soláthar airgid a bheidh ar fáil do mo Roinn le caitheamh ar thograí Gaeilge agus Gaeltachta i 2019.  Ach an oiread leis an mbliain reatha, nuair a d'éirigh liom soláthar breise a fháil, beidh mé ag troid, le linn phróiseas na meastachán, ar mhaithe leis an margadh is fear a fháil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.  

Top
Share