Peadar Tóibín
Question:682. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sí ar an eolas go bhfuil go leor oibrithe i bhForas na Gaeilge, atá ar phá laghdaithe ar threoir a Roinne, nach bhfuil ar Aguisín 2A de Chiorclán 22/2017, cé gur fostaíodh iad i ndiaidh 1995 atá ag íoc ÁSPC d’aicme A agus atá ag íoc pinsin; agus an dtabharfaidh sí treoir don Roinn na hoibrithe cuí ar Aguisín 2A a íoc láithreach agus socrú a dhéanamh chun na híocaíochtaí siarghabhálacha a bhaineann leis seo agus a théann siar na blianta a réiteach freisin. [42120/18]
View answer